Miolta Mora ag druidim i dtreo an chosta de reir a cheile

23rd Sep 2013

Míolta Móra ag druidim i dtreo an chósta de réir a chéile

Dé Luain, 16 Meán Fómhair 2013 00:00


Ag an am seo den bhliain ní hiontas ar bith é, is dóigh, do bhaill an IWDG agus do lucht faire díograiseach na míolta móra go bhfuil méadú suntasach tagtha ar amhairc ar na míolta móra is mó, agus is féidir a dheimhniú gur droimeitigh iad a bhformhór - Balaenoptera physalus. Chonacthas corrcheann i mí Iúil in iarthar Chiarraí, agus ocht gcinn i mí Lúnasa, an chuid ba mhó díobh sin ar chósta Chorcaí. Táthar den tuairim go bhfuil líon na ndroimeiteach ag méadú de réir mar atá siad ag déanamh a mbealach ar feadh chósta Chorcaí, a bhfuil eolas acu air, agus iad ag lorg bia.

Chuir tuairisc, a fuaireamar ónar gcomhleacaithe san Aonad Mara in Aerchór na hÉireann ar an 4 Meán Fómhair, i gcuimhne dúinn, áfach, nach dóigh go bhfuil sna taifid cois cladaigh atá againn ach líon an-bheag den phobal mór atá ann. Arís tá foireann an Aerchóir tar éis íomhánna iontacha a fháil de na fathaigh seo, an dara hainmhí is mó ar an bplainéad, agus iad á mbeathú féin in uiscí amach ón gcósta ar Mhuirbhiochta an Torcáin, in uiscí atá níos doimhne ná 1000 m, agus meastar go bhfuil 9 n-ainmhí sa ghrúpa – an cruinniú is mó go dáta i séasúr 2013/14 na “míolta móra móra”. Ní neamhchoiteann an rud é cruinnithe móra de dhosaen agus níos mó ná sin de na droimeitigh a fheiceáil á mbeathú féin gar don chósta.  Ach má bhíonn an bhliain seo cosúil leis an mbliain seo caite, is ag feabhsú a bheidh rudaí, mar is iad na míonna idir an tSamhain agus mí Eanáir buaicthréimhse na “borra scadán” cois cladaigh ar feadh chósta theas na hÉireann.  

Péire de 9 dhroimeiteach a taifeadadh á mbeathú féin amach ón gcósta  04/09/13

D’fhéadfadh sé go dtabharfadh cúrsa faire na míolta móra de chuid an IWDG an deireadh seachtaine seo ar Chléire deis do bhaill nua amharc a fháil ar dhroimeitigh ó ailltreacha Chléire a bhfuil a n-aghaidh ó dheas nó iad a fheiceáil níos gaire le linn an turais faire ar an bhfarraige.             I measc na n-áiteanna ar an talamh atá molta tá Cléire, Rabhchán Dhún na Séad, Ceann Tuaithe, Ceann Dhún dTéide, Na Seacht gCeanna, An Seancheann agus Rinn an Róistigh.  Tá Ceann Sléibhe i gContae Chiarraí curtha as an áireamh againn mar nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil droimeitigh ann faoi láthair ......ach ná bíodh trua ar bith agaibh do mhuintir na dúiche sin mar go raibh aicsean go leor ag na míolta móra dronnacha ann le roinnt seachtainí anuas. Bhí Nick Massett ag faire dhá mhíol mhóra dhronnacha amach ó Cheann Sratha suas go dtí an 10 Meán Fómhair. Tugaimid faoi deara nár taifeadadh aon droimeiteach fós i bPort Láirge, murab ionann agus blianta beaga eile anuas, áit ar thaifead ár gcomhleacaí Andrew Malcolm an chéad ghníomhaíocht shuntasach den séasúr go minic, fiú chomh luath le deireadh mhí na Bealtaine. Is áit sheanbhunaithe faire atá i gCeann an Ráma, san Aird Mhór, agus láthair an-mhaith le hamharc ar dhroimeitigh níos déanaí sa séasúr.

Mar sin, céard air ar cheart dúinn bheith ag faire? Bhuel, i dtús báire, tá siad mór, agus le tuairim a thabhairt duit dá méid, tá siad idir 60 agus 75 troigh nó dhá nó trí huaire níos mó ná an droimeiteach beag. Is féidir a séideadh a fheiceáil agus tú na mílte uathu, fiú faoi chúinsí gaofara agus is féidir leis a bheith 7-8 m ar airde agus cuma cóin atá bunoscionn air. Dá laghad an ghaoth is feiceálaí an séideadh agus fanann sé ar crochadh níos faide san aer. Bíonn siad tréadúil, de ghnáth, agus i ngrúpaí de phéire nó trí cinn, ach mar atá luaite thuas is minic go mbíonn cruinnithe níos mó díobh sa Mhuir Cheilteach, suas le dosaen nó mar sin, agus iad á mbeathú féin. Tá eite an droma an-suntasach, é suite tuairim is 2/3 den bhealach siar ar a ndroim, agus é “scuabtha siar” sa phróifíl. Is í an chomhartha is fearr an dathú neamhshiméadrach ar an gceann, agus líne an ghéill ar an taobh deas daite bán, ach é dorcha ar an taobh clé (íomhá thuas). Faightear go minic iad i gcuideachta slua móir de dheilfeanna coiteanna, agus d’fhéadfaidís a bheith ag taisteal in éineacht le míolta móra dronnacha fiú, nó d’fhéadfaí iad a fheiceáil in éadan na meallta baoití céanna leis an droimeiteach beag atá i bhfad níos lú ná iad.   

Péire droimeiteach ar Mhuirbhiochta an Torcáin 04/09/13

Má cheapann tú go bhfuil rud éigin atá cosúil leis an gcur síos sin feicthe agat, tá an seans ann go raibh tú i gcuideachta na ndroimeiteach. Tá an t-ádh linn gur dócha go mbogfaidh na “hinnill bheathaithe” seo níos gaire don chósta sna míonna atá amach romhainn, agus go mbeidh siad i raon na déshúileach ar na cinn tíre, ar bharr na n-ailltreacha agus sna cuanta agus iad ag fiach na salán agus na scadán soir chósta theas na hÉireann. Bain taithneamh astu.

Is féidir leat, freisin, cúnamh a thabhairt don IWDG iad a chosaint trí aon amharc a thuairisciú ar líne ar www.iwdg.ie chun é a dhearbhú a bheith bailí. Tabhair ar d’aird, más é do thoil é, nach féidir leis an IWDG taifid amhairc a dhearbhú má phostáiltear ar Facebook nó Twitter iad. 

Pádraig Whooley

Comhordaitheoir Amhairc IWDG